Irish

Irish

Tar éis briste fhada cuireadh tús arís le díospóireacht shinsearach sa scoil dhá bhliain ó shin. Is áis iontach í an díospóireacht chun an Ghaeilge a úsáid, a fhorbairt agus a fheabhsú. Tá áit ar an bhfoireann do thriúr daltaí ón gcúigiú agus ón séú bliain. Buaileann an fhoireann díospóireachta le chéile uair sa tseachtain faoi stiúir mhúinteora agus glacann siad páirt i gcomórtais díospóireachta Gael Linn.

Is chun leas na Gaeilge atá an comórtas seo á reáchtáil agus chuige sin molaimid do dhaltaí an deis iontach seo a thapú agus a gcúpla focal a úsáid sa bhliain atá romhainn amach!