Morning Reflection from the Irish Committee

Níl ach dhá lá fágtha go dtí saoire na Cásca. Is léir go bhfuil an téarma seo an-deacair, ag déanamh d’obair sa bhaile. Is dócha go bhfuil sibh go léir an-tuirseach. Dá bharr sin, déan do dhícheall le haghaidh na cúpla lá atá fágtha, ach tóg sos beag le linn laethanta saoire na Cásca agus ná bí ag obair go ró-dhian i rith na coicíse. Teigh ar shiúlóid le do chlann nó cuir glaoch ar do chairde agus gan aon amhras lig do scíth! Bí réidh le haghaidh an chéad téarma eile. Mar a deir an seanfhocal ‘Imíonn an tuirse is fanann an tairbhe.’