Morning Reflection from the Irish Committee

A Chairde,

Seo é an machnamh le haghaidh inniu:

Mar a deir an seanfhocal, dá fhad lá tagann oíche.

Ag an bpointe seo i ‘gcoraintín’  táimid go léir tuirseach, leamh agus ag fiafraí, an dtiocfaidh deireadh leis seo go deo? Ach caithfidh tú a bheith foighneach, mar ní mhairfidh seo.  De réir a chéile, rachaidh an saol ar ais go dtí mar a bhí sé , is cuma cá cá fhad a thógfaidh sé!

Le meas,

Coiste na Gaeilge